Work Text:
Ar dtús, ní fheiceann Vox í.
Tá sé fós ag tabhairt a leathchúl ar an mballa, a leideog ag teagmháil an gearradh ar a liopa uachtair. Ag catalógú an damáiste.
Níl sé buartha faoi. Tá liopa leis aige. Tá beagán fola ann. Rud ar bith tromhchúiseach. Chun a bheith macánta, bhí Alastor níos measa nuair a bhí siad níos óige. Seo? Tá sé seo ceart go leor. Tá Alastor déanta anois, agus tá gach rud ceart go leor.
Tá sé ag déanamh iarrachta smaoineamh ar rud éasca, rud neamhairdiúil a rá chun an gearradh a mhíniú. Rud éigin mar, bhuel, tá a fhois agat cé chomh amscaí is atáim. Rud éigin mar, bhí Shockwave antsy aréir, agus táim tar éis troid leis. Rud éigin mar, thug mé an bata is an bóthar don fostaí neamh-usáideach sin agus chaill sé a chloigeann.
(Níl air choíche rud ar bith a mhíniú d’Alastor, ach tá Alastor difriúil. Tuigeann sé. Níl ar Vox gach rud a rá.)
Ar aon nós, is dócha nach gcuirfear an ceist air cad a tharlú. Níl an méid suime ann ag aon duine ina shaol, seachas ar Velvette, b’fhéidir.
Ach titeann an teocht.
Braitheann sé lucht statach.
Ardaíonn sé a cheann, go tapa, agus cuireann sé sreachfhéachaint ar - urithi. Ar Charlie. Tá sí ann.
Ag deireadh an dorchla. Fágtar ina staic í. Tá a súile olmhór. Tá leathláimh brúite ar a béal, amhail is gur shúil sí isteach gan choinne chucu agus iad ag déanamh rud scannalach. Wow. An-mhaith. Ar fheabhas. Go - fucking - hiontach. Ar ndóigh.
Banphrionsa an Ifrinn. Peata múinteoira, ach sa chás seo is é an Díobhal an múinteoir agus tá cumhachta na bhflaitheas aici.
Braitheann Vox é láithreach bonn, i mbéal a ghoile. Níl eagla ar bith air - samhlaigh é! - ach tá fearg ann, te, é curtha ar a chosaint.
Ó, in ainm Dé.
Fós, níl Alastor ag feiceáil air. Ní thugann sé faoi deara go bhfuil Charlie ann. Tá sé arís ina shuaimhneas, coimhthíoch, gáire gnaíúil aige. Gáire glic air mar is gnáth.
Tá aithne ag Vox leis an staidiúir seo. Aithne an-mhaith. Ró-mhaith. Bíonn sé dírithe ar Vox agus ar daoine mí-ámharacha eile freisin i rith na blianta fada agus iad in aithne lena chéile.
Ach tá Charlie ag stánadh ar Alastor. Agus ina dhaidh sin - ar Vox.
Tá a shúile sáite ar bhéal Vox. Fuaríonn a dreach. Is léir gur thug sí faoi deara go bhfuil Vox gortaithe, agus - is é seo an rud is measa - ag Alastor.
Níl fearg uirthi, tá sé sin thar a bheith soléir do Vox. Ach tá mothúcháin eile ina súile. Déistin, b’fhéidir. Samhnas. Iontas. Tá an cuma uirthi go bhfuil sí ag iarradh rud éigin a rá, ach níl a fhois aici conas ba cheart dí é sin a thosú gan an seomra a léir-scriosadh.
Cuireann sé an t-aer ar fad amach as a scamhóga, ag easanálú tríd a shrón.
Ar fheabhas. I ndairíre, ar fheabhas. Níl sé ag magadh, is aoibhinn leis nuair a tharlaíonn rudaí mar seo. Éiríonn sé gach maidin go dian dícheallach, ag tnúth go mór leis an nóimead go dtugann duine eile faoi deara go gcuireann sé lúcháir an domhan ar Alastor nuair a ghoineann sé Vox. I ndairíre.
Amharcann sé suas chun na bhflaitheas, ag déanamh áibhéile agus é ag ligint air go bhfuil sé tuirseach traochta. Tá sé ag iarraidh a phointe a dhéanamh gan dínit a thabhairt dó. “In ainm Dé,” arsa Vox, agus é cheana féin ag sárú a cuid cainte. Tá sé ag déanamh a seacht dhícheall chun an idirghabháil cringe a sheachaint. “Lig do scíth, a Bhanphrionsa. Ba cheart duit feiceáil orainn nuair atáimid i ndairíre feargach le chéile.”
Cúbann sí siar nuair a deir sé é sin. Níl sí míshocair leis na focail - tá Vox i gcónaí mar sin - ach baintear a ghuth stangadh aisti. Cloiseann Vox é ina ghlór féi fiú agus é ag labhairt. Tá a fhocail ró-thapa, ró-ghéar. Cheapfá go raibh sé cosantach.
Ar aon nós, osclaíonn sí a béal. Ansin, dúnann sí é. Déanann sí iarracht arís. “Bhuel - Cheap mé - A Alastor, ní raibh a fhois agam - tá a fhois agat go -”
Bhriseann Vox isteach arís, mar má thosaíonn sí, ní stopfaidh sí, agus mura stopann sí, titfidh an chothromaíocht leochaileach atá á cothú aige le blianta as a chéile.
“Hé,” a deir sé, ag croitheadh a láimhe lena rá nach bhfuil suim nó meas aige sa chomhrá seo. “Ná déan scéal mór de. Dáiríre. Clabhta beag a bhí ann. Rinneamar iarracht a chéile a mharú sa tsráid. Níor rug tú ar do phéarlaí ansin.”
Tá sé sin éagórach. Tá a fhios aige. Ní amadán é Charlie - tá a fhios aici an difríocht idir foréigean frithpháirteach agus seo. Idir argóint neamhthábhachtach agus rud éigin príobháideach atá trí chéile.
Ách is é sin an fhadhb.
Breathnaíonn sí air go cúramach, anois. Níl amháin atá sí ag feiceáil, tá sí ag féachaint air, agus ní chaileann a súile meabhracha tada. Is fuath le Vox an chaoi a éiríonn a aghaidh níos boige, amhail is dá mbeadh sí ag tabhairt faoi deara rud éigin nach raibh sí i gceist a fheiceáil. An chaoi a bhfuil a shúile fós ar Alastor, ag fanacht. An chaoi nár bhog sé ar ais. An chaoi a bhfuil sé ina sheasamh ansin cosúil le -
Cosúil le coileáin lasctha.
Suite lena mháistir, ag ligint geoin as le heagla, tois nach bhfuil cliú dá laghad aige an mbuailfear é nó muirneofar é go séimh. Ach fós, réidh chun Al a chosaint, chun a shaol (nó a dínit, nó a chairde, nó a chlú) a íobairt, ar mhaithe le hAlastor.
Fuck.
Seasann Vox suas díreach láireach, ag díriú a ghuaillí. Cuireann sé a straois go bun na gcluas air arís, cosúil le haisteoir a bhfuil a chuid línte foghlamtha aige go maith. “Dáiríre,” a deir sé, níos éadroime, níos airde. “Tóg go bog é. Tá tú chun coimpléasc a thabhairt duit féin.”
Slogann Charlie. Lúbann a lámha isteach i bhfabraic a muinchillí. “Ní maith liom - ” Déanann sí comhartha doiléir eatarthu. “Sin. Ní maith liom foréigean mar sin.”
“Sea, bhuel,” a deir Vox, ag croitheadh a ghuaillí. “Fáilte go hIfreann.”
Féachann sé ar Alastor ansin, go gasta agus go cúramach, cosúil le teocht an uisce a sheiceáil. An suaimhneas sin fós. Mothaíonn Vox priocadh míshuaimhnis - má bhrúnn Charlie é seo, má chuireann sí frámaíocht mhícheart air -
Millfidh an óinseach seo gach rud. Ní thuigeann sí rud ar bith. Níl Alastor mar sin, Íosa.
Téann Vox beagán chun tosaigh, ag cur é féin - ní go comhfhiosach, ach ní de thaisme ach an oiread - idir amharclíne Charlie agus Alastor. Bac caolchúiseach. Ag atreorú.
“Féach,” a deir sé, níos giorra anois. “Ní maith leat mé. Tá sé sin ceart go leor. Níl gá agam leat. Ach ná cuir tús le scaoll morálta faoi rud nach mbaineann le do ghnó.”
Caolaíonn Charlie a súile. “Is é mo ghnó féin é nuair a bhíonn duine á ghortú.”
Gáireann Vox go géar. “Creid dom. Táim ceart go leor.”
Níl cuma cinnte uirthi.
Is fuath leis é sin. Is fuath leis nach mbainfidh sí an bealach éalaithe. Is fuath leis go bhfuil sí ag féachaint ar Alastor mar seo anois - mearbhall, míshuaimhneach, díomách ar bhealach a bhraitheann níos troime ná fearg.
Sin an rud nach dtuigeann éine. Níl Alastor sloppy, nó ceamánta. Choíche. Déanann sé gach rud le rún. Tá sé pointeáilte. Beacht. Ní dhéanann sé rudaí sular gur smaoinigh sé futhu.
Nuair a bhuaileann Alastor é, níl sé dairíre, agus níl sé de gheall é a dhéanamh. Níl Alastor mar sin, mar na fir atá ar meisce agus ag sceimhliú a bpáistí. Tá Alastor difriúil, tá sé ró-ghalanta dó sin, ró-uasal.
Tá dearcadh simplí ag Charlie faoi rudaí mar seo. Níl dabht ar bith ag Vox go bhfuil dea-rúin aici, (agus níl dabht ar bith aige go gcuireann sí isteach go mór air,) ach is léir nach bhfuil sí in ann iad a thuiscint. Ní fheiceann sí an scéal ar fad, leis an gcomhthéacs. Tá gach duine uafásach, sin an fáth go bhfuil siad go léir san Ifreann. Dá mbeifidís daoine mhaithe, bheadh Vox agus gach duine eile sna bhflaitheas.
Tuigeann Alastor é sin. Níl sé mar daoine eile.
Labhraíonn Alastor faoi dheireadh. Buíochas le Dia. Labhraíonn sé faoi dheireadh. “A Charlie, a thaisce,” a deir sé, a ghlór statach, “Ná bíodh imní ort féin. Tá ár gcara Vox ceart go leor.”
Casann Charlie ar Alastor faoi dheireadh, agus caolaíonn a súile. “Chonaic mé sin, a Alastor,” a deir sí go géar, “Agus ní raibh sé fucking cool. Níl cead agat é sin a dhéanamh, ar a laghad fad is atá tú i m’óstán-sa.”
Bíogann súil Alastor, agus ar feadh soicind amháin, tá a meangadh searbh agus fuar. Ach claonann sé a cheann uair amháin, agus ní deir sé focal.
Mar sin déanann Vox an rud a dhéanann sé i gcónaí. Labhraíonn sé. Líonann sé an spás. Déanann sé beag de.
“Éist anois,” a deir sé, ag casadh a súl timpeall arís, níos boige an uair seo, beagnach ag mealladh. “Ná déan scéal mór de. An bhfuil tú chun seasamh ansin agus léacht a thabhairt dúinn faoi mhothúcháin nó Íosa nó cibé rud, nó an féidir linn go léir dul ar aghaidh lenár saol?”
Baineann stad do Charlie.
Sin an chuid chontúirteach.
Brúnn Vox a theanga ar a liopa gortaithe agus ag gáire tríd an ngalar, fiacla agus bravado agus snas craolta go léir.
“Dáiríre,” a deir sé. “Táimid go maith.”
Agus go bhfóire Dia air - tá súil air go bhfuil a fhois ag Alastor go bhfuil Vox ag insint na fírinne, agus go bhfuil a chroí i ngach aon focal atá ráite aige.
Thuigfeadh Al. Tuigeann sé i gcónaí.
Tá sé difriúil.
