Actions

Work Header

Enstars as Gaeilge :3

Summary:

Ag an cóisir tar éis na hArdteiste bíonn cómhrá ag Eichi agus Wataru agus admhaíonn siad a mothúcháin dá chéile.

(first enstars fic in Irish on ao3 let's gooooooo)

Notes:

Yeah. Uh. Idk, this just happened.

Oh, in case anyone is wondering, the Irish word for "did" is "rinne", it's got nothing to do with the character Rinne Amagi

Uhhh yeah, idk what else to say, this is probably very ooc, but I guess that doesn't really matter because let's be real, who is going to be reading enstars Irish fics anyway........

Tá súil agam go taitnóidh sé libh!

(See the end of the work for more notes.)

Work Text:

An oíche tar éis deireadh na hArdteist a bhí ann agus bhí cóisir ar siúl ag lucht an séú bhliain de Scoil Yumenosaki sa bhaile mór. Bhí teach tábhairne curtha in áirithe acu agus bhí an cuid is mó dóibh ar meisce cheana féin, cé nach ach naoi a chlog a bhí ann fós.

Bhí Chiaki agus Kanata ag triáil an damhsa do "An Dreoilín" a dhéanamh, bhí Nazuna ag impigh orthu amhráin ó TG Lurgan a chur ar siúl, bhí Keito agus Kuro ag déanamh iarracht an damhsa do "Ballaí Luimnigh" a dhéanamh le ach beirt, agus bhí Tsumugi ag rith thart ag iarraidh cabhair a thabhairt d'éinne a bhí ró-ólta.

Bhreathnaigh Eichi orthu ón gcoirnéal. Ní raibh sé i ndáiríre ró-ghar d'éinne acu ag an bpointe seo ina shaol, ach bhí duine amháin acu a bheadh brón air fágáil. Cá raibh an duine sin.....?"

"Eichi!"

Tháinig an guth láidir ó taobh thiar dó, agus sa chéad nóiméad eile, bhí lámha séimh ar a ghualainn.

"Cén fáth a bhfuil tú ag suí anseo sa choirnéal leat féin? Tá an Ardteist críochnaithe, ba cheart go mbeadh tú ag comóradh le do chairde!"

Rinne Eichi gáire ina ainneoin féin, agus chas sé chun aghaidh álainn an buachaill eile a fheiceáil. "Dia 's Muire duit, a Whataru. Tá brón orm, bheadh mé ag ceiliúradh ach tá an-tuirse orm anocht. Thóg na scrúdaithe go leor asam i ndáiríre....."

"Tá brón orm é sin a chloisteál....." Go tobann bhí sé mar gur chas bolgán ar siúl in intinn Wataru agus thóg sé lámha Eichi ina lámha fhéin, "Tar liom!"

Thosaigh sé ag tarraingt Eichi chuig na staighre agus ba bheagnach gur thit Eichi thar na stóil a bhí scaipthe timpeall an teach tábhairne.

"Wataru, fan soicind, cá bh-"

"Tá áit ciúin ar eolas agam," a d'fhreagair Wataru le meangadh gáire bog, "Nach bhfuil muinín agat ionam?"

Lig Eichi osna as, "Tá."

Bhí sé fíor. Bhí a mhuinín iomlán curtha ag Eichi i Wataru le sé bliana anuas, agus anois bheadh siad scartha. Bhí siad ag dul go choláistí éagsúla, i gcathracha éagsúla, i gcontaetha éagsúla, agus ní bheadh fhios ag Wataru ariamh faoi na mothúcháin a bhí ag an buachaill eile dó. Ag an am céanna, bheadh Eichi sásta le sin má chiallaigh sé go mbeadh sé in ann na cuimhní iontach a choinnéal go deo.

Nuair a shroich siad barr an staighre lig Wataru do lámh Eichi agus bhraith uaidh Eichi go mór é, ach ní raibh sé brónach le fada mar nuair a d'oscail Wataru an doras a bhí róimh, bhain Eichi an anáil dó fhéin ag an radhrac a chonaic sé.

Bhí siad ar díon an teach tábhairne agus bhí na mílte réalt le feiceáil sa spéir, ag lonrú síos orthu. Bhí binse beag gar do imeall an díon agus shuigh Eichi síos air, fós ag stánadh ar na réaltaí geala.

"Bhuel?" a cheistnigh Wataru, ag scapadh a lámha chun áilleacht an díon a thaispeáint.

"Tá sé go hálainn..... Go raibh míle maith agat, Wataru."

"Tá áthas orm go taitníonn sé an méid sin leat! Cheap mé go bheadh tú ag iarraidh briseadh a thógáil ón cóisir, mar sin rinne mé cinnte gur chur muid áit le háit mar seo in áirithe," a dúirt Wataru le meangadh gáire mór ar a aghaidh. Shuigh sé síos an-ghar do hEichi. Cé gur oíche Samhradh a bhí ann, bhí goimh san aer, agus mar sin rinne sé chiall go mbeadh siad ag suí gar dá chéile.

"Tá tú ró-chineálta liom..... Níl tú tuillte agam," a dúirt Eichi faoina anáil, ag chuir a cheann ar ghualainn Wataru.

Thóg Wataru lámha Eichi arís, "Níl sé sin fíor ar chor ar bith. Tá gach píosa díom tuillte agat. Nach bhfuil a fhios agat gurb é mise do Whataru Hibiki?"

"Mo Whataru....." Rinne Eichi meangadh gáire ina ainneoin féin arís, "Is maith liom é sin. Ach, beidh sé go léir athruithe an bhliain seo chugainn, nach mbeidh?"

D'fhéach Wataru síos ar aghaidh brónach Eichi, "B'fhéidir. Ach b'fhéidir go mbeidh muid níos gaire dá chéile ná ariamh. Beidh muid in ann dul in iomaíocht lena chéile ag comórtais idir-ollscoileanna agus coinneál i dteagmháil lena chéile ar líne. Agus má tá tú chomh uaigneach sin gan mé, tá tú in ann fáil ar an chéad bus nó traen eile agus beidh muid lena chéile taobh istigh de trí huaire. Níl Éire chomh mór sin, nach bhfuil a fhios agat."

Cé gur dúirt sé iad le guth magúil, chuir focla Wataru Eichi ar a shuaimhneas, go ceann scaithimh ar aon nós, "Tá an ceart agat, ní raibh mé ach ag ullmhú don rud is measa. Tá mé ag mothú i bhfad níos fearr anois."

"Go hiontach!" a bhéic Wataru go tobann, ag seasamh suas agus ag scapadh a lámha san aer arís, "'bhfuil tú ag iarraidh dul síos staighre arís mar sin?"

Chun an fhírinne a rá, bheadh sé i bhfad níos éasca d'Eichi ach Wataru a leanacht síos straighre agus a ligint air go raibh na mothúcháin seo chun imeacht as a stuaim féin, ach ní raibh sé in ann an samhradh seo - a samhradh deireadh le chéile - a chaitheamh mar seo.

Mar sin, sheas Eichi suas agus d'fhéach sé i súile Wataru, "Wataru, fan soicind. Tá rud éigin le hinsint agam duit."

"Oh? Céard é, a hEichi?" Chas Wataru a cheann ar a thaobh beagán.

"Tá- Tá me-" Bhí sé seo i bhfad níos deacra ná gur cheap Eichi go mbeadh sé. Thóg sé anáil cúramach agus tharraing sé a smaointe le chéile, "A Whataru, mo Whataru..... Níl aon bealach éasca é seo a rá ach, ceapaim go bhfuil mé i ngrá leat."

Dhún Eichi a shúile, ní raibh sé ag iarraidh amharc mearaithe Wataru a fheiceáil. Is cosúil go raibh sé tar éis a gcaidreamh ar fad a scriosadh, ach buíochas le Dia, ní bheadh air Wataru a fheiceáil ariamh go deo tar éis an samhradh seo, agus-

An chéad nóiméad eile bhí péire bheola eile bhrúite i gcoinne bheola Eichi agus an céad rud eile a raibh a fhios aige ná go raibh sé ag pógadh a dhlúthchara, a ghrá geal, a Whataru Hibiki.

Bheadh an beirt acu in ann seasamh ansin sa nóiméad sin go deo, ag ghriánadh iad féin i láithreacht a chéile, ach tá ar gach rud maith críochnú ag am éigin, agus mar sin, scair siad óna chéile ar deireadh.

"Tá tú-"

"Thaitin sé sin-"

Rinne an beirt acu gáire, agus ar deireadh labhair Eichi.

"Bhí sé sin..... go hiontach."

"Aontaím leat," a d'fhreagair Wataru. Don chéad uair ina shaol bhí an chaint beagnach bainte de.

Las Eichi le náire agus é ag smaoineamh ar ais ar céard díreach a tharla, "Bhuel, ba cheart dúinn dul síos staighre arís, beidh siad ag déanamh iontais cár imigh muid!"

Chlaon Wataru a cheann go scioptha, "Tá an cheart agat, a hEichi."

Shiúil Eichi go dtí an doras, ach roimh go raibh sé in ann é a oscailt chuir Wataru a lámh amach chun é a stopadh.

"Eichi."

"Is ea?"

"Bhuel, ceapaim go bhfuil sé sách soiléir anois, ach mothaím an bealach céanna. Tá mé i ngrá leat."

Lig Eichi meangadh gáire eile amach agus chuir sé a lámh ar leiceann Wataru, "Tá áthas an domhan orm é sin a chloisteál. Is tusa mo Whataru Hibiki, agus is mise do hEichi Tenshouin, agus ní héanfainn é sin a thrádáil don domhan."

Notes:

Go hiontach!

Sorry for the abrubt ending, it is 2am.